Tréimhse an-suntasach i stair na hÉireann í an tréimhse agus i gcruthú stát na hÉireann. Áiríodh an méid seo a leanas sa tréimhse: Cúnant Uladh, bunú Óglaigh na hÉireann; an Bille Rialtais Dúchais a rith; Frithdhúnadh 1913; an Chéad Chogadh Domhanda; Éirí Amach 1916; an saincheadúnas a leathnú; Olltoghchán 1918; Dáil Éireann a bhunú; Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. D’fhonn clár leanúnach comórtha bhliantúil a chur ar fáil ar a mbeidh imeachtaí speisialta comórtha ar chuimheachán na bpríomhimeachtaí, bunaíodh clár náisiúnta: Deich mBliana na gCuimhneachán.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge bródúil as páirt a ghlacadh sa chomóradh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán. Bhí páirt ghníomhach ag Port Láirge i gcuid mhór de na himeachtaí náisiúnta a chomóradh agus sa tréimhse chéanna bhí buanna agus tragóidí dá chuid féin ag an gcontae seo arb onóir do Chomhairle Cathrach agus do Chomhairle Contae Phort Láirge cuimhneamh agus comóradh a dhéanamh orthu.

Tuilleadh eolais faoi Phort Láirge le linn 1916-1923

LÉARSCÁIL SCÉALAÍOCHTA

Tá “LÉARSCÁIL SCÉALAÍOCHTA” déanta againn ina bhfuil mapáil ar imeachtaí suntasacha Chogadh na Saoirse i bPort Láirge ó chruinniú na chéad Dála i mí Eanáir 1919 go dtí an Conradh Angla-Éireannach i 1922.

Le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Leave a Reply