Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, thacaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge le gearrscannáin a cruthaíodh chun iniúchadh a dhéanamh ar imeachtaí le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán agus ar thionchar na n-imeachtaí seo ar mhuintir Phort Láirge. Bhí clár láidir cainteanna agus comhdhálacha ann freisin roinnt cainteanna, tá siad ar fáil ar líne.

SCANNÁIN

Le tacaíocht ó Choiste Cuimhneachán Phort Láirge, tá gearrscannán ar líne ar Luíochán Bhurgáiste cruthaithe ag Músaem Chontae Phort Láirge agus oibrithe deonacha áitiúla. Déanfar an bun scannán a fhorbairt a thuilleadh sa bhliain 2021. Féach ar an scannán anseo.

Rinneadh gearrscannán ina dtugtar léargas an-spéisiúil ar thrioblóidí na tréimhse agus ar ar spreag daoine le dul chun troda, ar gearrscannán é a léiríodh den chéad uair mar chuid d’Fhéile Imagine Arts i mí Dheireadh Fómhair 2021. Ba iad Shane O’Sullivan agus Kieran Walshe a rinne an scannán seo a scríobh agus a stiúradh. Port Láirge sa bhliain 1921 atá ann agus faigheann tuairisceoir óg misean ó nuachtán Sasanach mór le rá, treoir shimplí faighte ach is treoir í nach bhfuil gan riosca.

An misean sin ná a fháil amach cad atá ag tarlúint in Éirinn agus é sin a dhéanamh trí theacht suas le ceannasaí IRA Is é an treoir a fuair an t-iriseoir tuairisc a thabhairt ar ais go Sasana ar dhearcadh an “Rebel”, dearcadh ar beag tuiscint a bhí air go dtí sin.

Léirigh Físghrafadóir bunaithe i nDún Garbhán, John Foley an scannán “The Dying Days - The Final Journey of General Liam Lynch 1923" agus b’í Deirdre Collender a bhí mar stiúrthóir ar an scannán. Léiríonn an scannán prionsabail agus idéalacha na ndaoine a throid ar son agus i gcoinne an chonartha agus na ngnáthdhaoine a raibh a saol agus a dtithe fite fuaite sa ghníomhaíocht timpeall Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh agus an Chomaraigh. Fíonn an scannán an comhthéacs stairiúil náisiúnta agus áitiúil curtha ar fáil ag Gerard Shannon, Michael Desmond agus Nora Levis, le hathachtuithe agus cuntais bheoga ó shliochtaigh teaghlaigh ar na tithe sábháilte agus ar na háitribh a d’úsáid Liam Lynch agus an IRA i Márta-Aibreán 1923 sular gabhadh agus sular maraíodh é. Cuireadh oibríochtaí ar fionraí agus tharla sos comhraic agus deireadh an Chogaidh Chathartha mar thoradh air.

Ba imeacht an-suntasach sa Chogadh Cathartha é Léigear Phort Láirge a tharla i mí Iúil 1922. Ba iad na suíomhanna is tábhachtaí sa Léigear ná Mount Misery (suíomh Airtléire an tSaorstáit), suíomh an tSeanphríosúin, Cé na nGiolla agus Port an Chalaidh, áit ar thrasnaigh trúpaí an tSaorstáit an abhainn. Bhí foirgnimh Óstán Granville, Túr Raghnaill agus Oifig an Munster Express le scartáil ag na fórsaí Frithchonartha agus rinneadh damáiste do dhá bheairic sa troid. Rianaíonn an staraí áitiúil James Doherty seichimh na n-imeachtaí sa chlár faisnéise seo.

Mar thoradh ar thionscadal taighde 10 mbliana le Christina Knight O’Connor agus Eddie Cantwell, seoladh Mná na Réabhlóide Phort Láirge 1914-1923 ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta 2023. Ag an seoladh bhí iníonacha, gar-iníonacha, gariní agus mór-theaghlaigh go leor de na mná a bhí sa leabhar agus tá rogha dá gcuid scéalta le feiceáil i ngearrscannán le John Foley.

CAINTEANNA

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an tsraith cainteanna seo a chur ar fáil mar chuid d’imeachtaí Dheich mBliana na gCuimhneachán, sraith ina ndéantar iniúchadh ar an mbliain 1920 i bPort Láirge agus ar na guthanna a bhí ag coimhlint le chéile agus Éire nua á cruthú... Éire neamhspleách.

Port Láirge agus Toghcháin Áitiúla 1920: Ag coimhlint ar son Gutha agus Éire nua

Bliain thar a bheith suaite ab ea 1920 le haghaidh na n-údarás áitiúil in Éirinn. Bliain toghcháin a bhí ann don rialtas áitiúil agus do chomhairlí nuathofa, lena n-áirítear Bardas Phort Láirge agus Comhairle Contae Phort Láirge, agus gheall siad sin a ndílseacht láithreach bonn do Dháil Éireann. Mar thoradh air sin, tarraingíodh siar an maoiniú ó Bhord Rialtas Áitiúil na Breataine; rinneadh ruathair ar údaráis áitiúla agus gabhadh baill thofa agus baill den fhoireann. Bhí deacrachtaí ag údaráis áitiúla rátaí a bhailiú ach lean siad orthu ag cur seirbhísí ar fáil a fheabhas ab fhéidir leo agus lean siad lena dtiomantas do Dháil Éireann. Cuid thábhachtach den rath a bhí ar Dháil Éireann ab ea an gréasán seo tacaíocht áitiúil pholaitiúil agus riaracháin agus bhí sé ina léiriú ar thiomantas mhuintir na hÉireann do chuspóir na hÉireann neamhspleáiche.

Ag an am céanna, bhí an rialtas áitiúil ag gealladh do Dháil Éireann go mbeadh córas cúirteanna nuabhunaithe ag an stát nuaghinte, córas a d’fheidhmeodh i ngan fhios don saol agus ar bhealach comhthreomhar le córas oifigiúil na gcúirteanna. Is gearr nach raibh aon chás sna cúirteanna a raibh ceadú oifigiúil mar gur thosaigh muintir na hÉireann ar a dtuairimí agus ar a gcásanna dlí a láimhseáil i gCúirteanna na Dála. Sa bhliain 1920 bhí corraíl shuntasach saothair ann freisin agus bhí “sóivéid” Phort Láirge ag troid le go gcloisfí a guth. Bhí Cumann na mBan ag obair go dian freisin i bPort Láirge sa bhliain 1920, ag tacú le Cogadh na Saoirse agus ag freastal air agus ag iarraidh áit a chruthú do mhná sa tír nua a raibh siad ag streachailt lena cruthú. Déanfaidh ár gcainteoirí iniúchadh ar an mbliain 1920 i bPort Láirge agus díreofar ar shaincheisteanna an ama agus ar na guthanna a bhí ag féachaint le héisteacht a fháil i dtoghcháin áitiúla 1920. Cliceáil ar an nasc chun féachaint ar gach ceann de na cainteanna ar YouTube.

Comhairle Cheardchumainn Phort Láirge

Reáchtáil Comhairle na gCeardchumann i bPort Láirge seimineár ar an ngluaiseacht saothair i bPort Láirge agus ar Dheich mBliana na gCuimhneachán i mí Dheireadh Fómhair 2021. Bhí Port Láirge ar thús cadhnaíochta i gcorraíl an luchta saothair agus sa chomhrac ar son cearta níos fearr le haghaidh oibrithe.

Stailc Phort Láirge agus Stailc na Sclábhaithe Feirme

Ar an 4 Bealtaine thionóil Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ócáid chun Stailc na nOibrithe Feirme i bPort Láirge i mBealtaine 1923 a chomóradh. Scrúdaigh an chomhdháil an stailc i gcomhthéacs gluaiseacht an lucht oibre agus breathnaíodh ar an stailc i gcomhthéacs Réabhlóid na hÉireann, ról Arm nua an tSaorstáit agus an bealach a ghlac an Saorstát nua chun déileáil le haighnis idir fostóirí agus oibrithe.

LE TACAÍOCHT ÓN ROINN TURASÓIREACHTA, CULTÚIR, EALAÍON, GAELTACHTA, SPÓIRT AGUS MEÁN FAOI THIONSCNAMH DHEICH MBLIANA NA GCUIMHNEACHÁN 2012-2023.

Seisiún Iomlánach
Waterford City & County Council Archives Office